1. Home
  2. /
  3. Cyber Academy

An tSraith ar Shábháilteacht ar an Idirlíon do leanaí 7-10 mbliana d’aois

CUIR TÚS LE hEIPEASÓID 10 NÓIMÉAD INNIU
Tá sé SAOR IN AISCE agus ar fáil AR ÉILEAMH; tá sé ar fáil nuair atá tusa ar fáil chuige!

Is éard a bhíonn i ngach eipeasóid:

  • Físeán gairid beoite trí nóiméad
  • Treoir chomhrá a thacaíonn le múinteoirí/tuismitheoirí (Ceisteanna agus Freagraí do leanaí atá ann i ndáiríre)
  • Tráth na gCeist Kahoot! chun an fhoghlaim a threisiú
  • Bileog ghníomhaíochta atá spraíúil agus taitneamhach; gníomhaíocht oibre baile den scoth ionas go mbeidh an teaghlach ar fad rannpháirteach sa bhaile.
Moltar go mór go ndéanfadh tuismitheoir nó múinteoir gach eipeasóid a chur ar fáil do leanaí chun an leas oideachasúil is fearr is féidir a bhaint as.
Eolas de chuid

IMEACHTAÍ TEACHT

Bígí linn le haghaidh Tráth na gCeist ar Shábháilteacht Idirlín spraíúil le Trend Micro agus COGG.

Máirt, 19 Márta, 2024, 1.30 i.n

Learn more

Pasfhocail

Tuiscint ar an rud is pasfhocal ann, ar an bhfáth a bhfuil sé tábhachtach agus 3 scil phasfhocail a fhoghlaim chun tú féin a choinneáil slán sábháilte.

Fíordheimhniú déshraithe

Tuiscint ar Fhíordheimhniú Déshraithe (2FA) agus ar an gcaoi ar féidir leis do chuntais a chosaint ar líne.

Príobháideacht

Tuiscint ar an mbrí atá le príobháideacht ar líne i ndáiríre agus 4 scil príobháideachta a fhoghlaim chun tú féin agus do chuid eolais a chosaint ar líne.

Slándáil

Foghlaim cén fáth agus cén chaoi a gcoinnítear eolas slán ar líne; chomh maith le 6 bhealach chun dea-scileanna slándála a chleachtadh.

Nósanna Sláintiúla

Tuiscint ar an bhfáth a bhfuil sé tábhachtach nósanna sláintiúla a bheith agat agus tú ag úsáid an idirlín agus 7 nós shláintiúla a fhoghlaim.

Sábháilteacht ceamara

Tuiscint ar an eolas a bhailítear nuair a thógtar agus nauir a roinntear grianghraf agus 5 scil sábháltachta ceamara a fhoghlaim.

Am ar Líne

Tuiscint ar an mbrí atá le ham fiúntach a chaitheamh ar líne i ndáiríre agus 4 scil a fhoghlaim chun an leas is fearr is féidir a bhaint as do chuid ama ar líne.

Cineáltas

Tuiscint ar an mbrí atá le cineáltas i ndáiríre, ar an tábhacht a bhaineann leis agus scileanna tábhachtacha a fhoghlaim chun déileáil le míchineáltas ar líne.

Socruithe Sábháilteachta

Eolas a fháil ar shocruithe sábháilteachta, ar an tábhachtach a bhaineann leo agus 5 rud a fhoghlaim a bhaineann le socruithe sábháilteachta.

Mífhaisnéis

A thuiscint cad is mífhaisnéis ann, cén fáth a bhfuil sé ann agus 5 scil thábhachtacha a fhoghlaim chun cabhrú leat é a thabhairt faoi deara.

Cóipcheart

A thuiscint cad is cóipcheart ann agus conas ábhar a cheadaítear a úsáid a aimsiú agus tú ag obair ar thionscadal cruthaitheach.