1. Home
  2. /
  3. Cyber Academy
  4. /
  5. Príobháideacht

Príobháideacht

Príomhchuspóirí Foghlama

  • A thuiscint cad a chiallaíonn eolas pearsanta ar líne agus a bhuaine atá sé.
  • 4 bhealach a fhoghlaim chun scileanna maithe príobháideachta a chleachtadh.

4 Chéim chun an eipeasóid a chríochnú

  1. 1.Féach ar an bhfíseán gairid 3 nóiméad leis na leanaí. Seinn cúpla babhta é!
  2. 2.Pléigh an físeán leis na leanaí agus úsáid á baint agat as an treoir chomhrá chun cabhrú leat.
  3. 3.Iarr ar gach leanbh tráth na gceist Kahoot a fhreagairt!
  4. 4.Priontáil an Bhileog Ghníomhaíochta - gníomhaíocht oibre baile atá spraíúil agus taitneamhach.
Moltar go mór go ndéanfadh tuismitheoir nó múinteoir gach eipeasóid a chur ar fáil do leanaí chun an leas oideachasúil is fearr is féidir a bhaint as.

CÉIM 1

Conas do phríobháideacht a chosaint ar líne

TUILLEADH EIPEASÓIDÍ


CÉIM 2

Treoir Chomhrá

Ceisteanna agus freagraí úsáideacha a thabharfaidh treoir duit don chomhrá le leanaí.

Eolas de chuid

Cad iad na haipeanna agus na cluichí is fearr leat?

Conas a oibríonn siad agus cén fáth a dtaitníonn siad leat?

Cé mhéad a chosnaíonn sé de ghnáth aipeanna agus cluichí a íoslódáil?
Bíonn sé saor in aisce de ghnáth aipeanna agus cluichí a íoslódáil. Ach níl a leithéid de rud ann agus saor in aisce. Cén costas i ndáiríre a bhaineann le haip nó cluiche a úsáid? Cad a chaithfidh tú a thabhairt uait ar dtús nuair a íoslódálann tú an aip ionas gur féidir leat é a úsáid?

Chun clárú ar an aip, caithfidh tú roinnt eolais phearsanta a thabhairt. D’ainm, do dháta breithe, do shuíomh, do sheoladh baile, do sheoladh ríomhphoist, mar shampla. Nuair a bhíonn tú logáilte isteach san aip nó sa chluiche ansin, is eolas é gach rud a dhéanann tú a bhíonn an comhlacht a rinne an aip/cluiche in ann a fheiceáil agus a úsáid. (Do ghrianghraif, d’fhíseáin, rudaí a thaitníonn leat, na rudaí a ndéanann tú trácht orthu, rudaí a deir tú le daoine eile, na cairde atá agat).

Chomh maith leis sin, ná déan dearmad ar cheannacháin nuair a bhíonn an aip á úsáid agat. Is minic a bhíonn rudaí a thaitníonn leat san aip nó sa chluiche ach go gcaithfidh íoc astu.

Is leatsa an t-eolas seo go léir agus is fút-sa a bhíonn sé. Insíonn sé scéal fút féin; is é do chuid eolais phríobháidigh agus phearsanta féin é.

Nuair a dhéanann tú nóta tráchta nó nuair a roinneann tú rud éigin ar líne – cén fad ama a fhanfaidh sé ar an idirlíon?

Fanfaidh sé ann go deo.

Abair go scriosann tú é?
Fiú nuair a scriosann tú grianghraf, físeán nó nóta tráchta, bíonn taifead (nó lorg) digiteach ann fós a bhaineann le gach rud a rinne tú nó a dúirt tú ar líne. Bíonn go leor cóipeanna ag úinéir an aip de gach rud a dhéanann tú freisin, agus stóráiltear iad ar fhreastalaithe difriúla (mar chúltaca). Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a bheith cúramach faoi na rudaí a dhéanann tú agus a deir tú ar líne. Bí dearfach agus cineálta le daoine eile i gcónaí.
Cad iad na ceithre scil príobháideachta a chuirfidh stop le daoine do chuid eolais phearsanta a fháil gan do chead?
  • Ná húsáid ach aipeanna atá sábháilte (seiceáil léirmheasanna agus rátálacha aipeanna agus cluichí – déan roinnt taighde)
  • Smaoinigh sula roinneann tú nó sula ndeir tú aon rud ar líne. Ná mothaigh choíche go bhfuil brú ort eolas pearsanta (grianghraif/físeáin/airgead) a thabhairt do dhuine ar líne – cairde nó strainséirí. Labhair le duine fásta i gcónaí má bhíonn imní ort.
  • Úsáid socruithe Príobháideachta ar gach aip agus cluiche. (Ar an mbealach sin ní féidir ach le daoine a bhfuil aithne agat orthu na nithe a dhéanann tú a fheiceáil.)
  • Bíodh meas agat ar phríobháideacht daoine eile. Ná roinn grianghraf nó físeán de dhuine eile choíche mura bhfuil a gcead agat ón duine sin. Iarr cead orthu ar dtús. Iarrfaidh siadsan cead ortsu freisin. Is léiriú measa é.

CÉIM 3

Déan Tráth na gCeist Kahoot! Chun do chuid eolais a thástáil.

CÉIM 4

Bileog Ghníomhaíochta d’Obair Bhaile

Is gníomhaíocht iontach d’obair bhaile é seo do leanaí chun a gcuid scileanna a thástáil uair amháin eile, agus an méid a d’fhoghlaim siad a threisiú.

ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid A4
ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid Litreach

Ar thaitin an eipeasóid faoi Príobháideacht leat?

Ba bhreá linn aiseolas a fháil uait! Is é an sprioc atá againn clár Cyber Academy a chur ar fáil d’oiread leanaí agus is féidir ar fud an domhain. Má thug tú an eipeasóid seo chun críche le leanaí sa bhaile nó ar scoil, tá tú ag cabhrú linn ár sprioc dhomhanda a bhaint amach!