1. Home
  2. /
  3. Cyber Academy
  4. /
  5. Nósanna Sláintiúla

Nósanna Sláintiúla

Príomhchuspóirí Foghlama

  • Tuiscint ar an bhfáth a bhfuil sé tábhachtach nósanna sláintiúla a bheith agat agus tú ag úsáid an idirlín.
  • 7 nós shláintiúla agus tú ag úsáid an idirlín a fhoghlaim.

4 Chéim chun an eipeasóid a chríochnú

  1. 1.Féach ar an bhfíseán gairid 3 nóiméad leis na leanaí. Seinn cúpla babhta é!
  2. 2.Pléigh an físeán leis na leanaí agus úsáid á baint agat as an treoir chomhrá chun cabhrú leat.
  3. 3.Iarr ar gach leanbh tráth na gceist Kahoot a fhreagairt!
  4. 4.Priontáil an Bhileog Ghníomhaíochta - gníomhaíocht oibre baile atá spraíúil agus taitneamhach.
Moltar go mór go ndéanfadh tuismitheoir nó múinteoir gach eipeasóid a chur ar fáil do leanaí chun an leas oideachasúil is fearr is féidir a bhaint as.

CÉIM 1

Cad is nósanna sláintiúla ar líne ann?

TUILLEADH EIPEASÓIDÍ


CÉIM 2

Treoir Chomhrá

Ceisteanna agus freagraí úsáideacha a thabharfaidh treoir duit don chomhrá le leanaí.

Eolas de chuid

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach ithe go sláintiúil, aclaíocht a dhéanamh, ár bhfiacla a ghlanadh agus dóthain codlata a fháil?
Coinníonn siad aclaí agus sláintiúil sinn, idir chorp agus intinn. (Is bealach iontach é chun an dochtúir agus an fiaclóir a sheachaint freisin).
Cad a dhéanfá dá roinnfeá rud éigin ar líne agus go raibh aiféala ort ina dhiaidh sin faoi?

Scrios ón aip é nó iarr ar dhuine fásta cabhrú leat é a bhaint. Tá sé fíorthábhachtach cuimhneamh sula roinnimid rud ar bith ar líne ionas nach mbeidh aiféala orainn ina dhiaidh sin faoi rud a roinneamar.

Sula roinneann tú rud éigin ar líne; cuir ceist ort féin ‘Ar mhaith liom go bhfeicfeadh an domhan ar fad é seo?’ nó cuir an cheist ‘Conas a bhraithfidh mo theaghlach agus mo chairde má phostálaim é seo?’

Cad is lorg digiteach ann?

Fágann gach rud a dhéanaimid ar líne rian digiteach nó lorg digiteach. Tá sé cosúil le taifeadadh de gach rud a dhéanaimid. Bíonn stampa dáta agus ama ar theachtaireacht a sheoltar chuig cara fiú, agus fiú má scriosann tú an teachtaireacht ina dhiaidh sin bíonn taifead ann fós gur phostáil tú é agus gur scrios tú ansin é.

Insíonn an méid a dhéanaimid agus a roinnimid ar líne do dhaoine eile an cineál duine atá ionainn. Sin an fáth a bhfuil sé fíorthábhachtach rudaí a dhéanamh ar líne atá dearfach, cabhrach agus sábháilte i gcónaí.

Cad a dhéanfá dá roinnfeadh duine eile rud éigin fútsa ar líne nár thaitin leat? (Nóta tráchta/ grianghraf/ Físeán)

D’fhéadfá a iarraidh ar an duine é a bhaint/scriosadh nó a iarraidh ar dhuine fásta cabhrú leat. Tá sé an-tábhachtach cead a iarraidh i gcónaí sula roinneann tú rud éigin faoi dhuine eile ar líne. Foghlaimeoidh daoine eile uait agus iarrfaidh siad do chead ina dhiaidh sin freisin!

An ndearna aon duine acu iad féin a chuardach ar líne riamh?

Dá ndéanfadh duine tusa a chuardach ar líne, cad a gheobhadh siad amach? An cuimhin libh ár lorg digiteach agus a bheith dearfach, cabhrach agus sábháilte ar líne? Tá sé tábhachtach. (D’fhéadfadh sé gur chleachtadh spraíúil é seo sa seomra ranga nó sa bhaile.)

Comhroinn sampla de rud éigin nua a d’fhoghlaim tú faoin idirlíon a úsáid.

Códú, cócaireacht, giotár a sheinm, amhráin a fhoghlaim, teanga nua a fhoghlaim, taighde a dhéanamh ar rud éigin a bhfuil suim agat ann. Is áit iontach é an t-idirlíon chun rudaí nua a fhoghlaim.

Conas a chuidíonn an tIdirlíon le daoine eile ar domhan?

Airgid a bhailiú do dhea-chúinse i do phobal; {Tabhair sampla áitiúil chun cabhrú leis na daltaí}. A bheith in ann freastal ar Scoil ar Líne, a bheith in ann comhrá a dhéanamh le cairde agus le teaghlach ar líne.

Ar bhain sibh úsáid riamh as an idirlíon chun bhur gcuid buanna a chleachtadh?

Is féidir leat cur isteach ar chomórtais ealaíne, físeáin, códúcháin, scríbhneoireachta. Is bealach iontach é do chuid buanna a thaispeáint do dhaoine eile agus chun éachtaí a cheiliúradh freisin. Seiceáil ar dtús i gcónaí le tuismitheoir, le múinteoir nó le caomhnóir sula dtugann tú cuairt.

Cé chomh minic a thógfadh sibh sosanna agus sibh ar líne?

Cuimhnigh gurb éard is nósanna sláintiúla ann na rudaí a dhéanaimid a dhéanann tairbhe dúinn. Coinníonn siad aclaí agus sláintiúil sinn, idir chorp agus intinn. Tá sé tábhachtach searradh a bhaint asainn féin, gléas a leagan uainn, bogadh, aclaíocht a dhéanamh agus dul lasmuigh.

Conas a d’fhéadfadh sibh cabhrú le bhur dteaghlach agus le cairde nósanna sláintiúla a chleachtadh ar líne?

Ba thús iontach é an méid a d’fhoghlaim sibh san eipeasóid seo a thaispeáint do bhur dteaghlach sa bhaile. De réir mar a aimsíonn sibh nósanna sláintiúla ar líne roinn le daoine eile iad!

CÉIM 3

Déan Tráth na gCeist Kahoot! Chun do chuid eolais a thástáil.

CÉIM 4

Bileog Ghníomhaíochta d’Obair Bhaile

Is gníomhaíocht iontach d’obair bhaile é seo do leanaí chun a gcuid scileanna a thástáil uair amháin eile, agus an méid a d’fhoghlaim siad a threisiú.

ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid A4
ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid Litreach

Ar thaitin an eipeasóid faoi Nósanna Sláintiúla leat?

Ba bhreá linn aiseolas a fháil uait! Is é an sprioc atá againn clár Cyber Academy a chur ar fáil d’oiread leanaí agus is féidir ar fud an domhain. Má thug tú an eipeasóid seo chun críche le leanaí sa bhaile nó ar scoil, tá tú ag cabhrú linn ár sprioc dhomhanda a bhaint amach!