1. Home
  2. /
  3. Cyber Academy
  4. /
  5. Slándáil

Slándáil

Príomhchuspóirí Foghlama

  • Foghlaim conas do chuid eolais a choinneáil slán ar an idirlíon.
  • Foghlaim 6 bhealach chun scileanna láidre slándála a chleachtadh.

4 Chéim chun an eipeasóid a chríochnú

  1. 1.Féach ar an bhfíseán gairid 3 nóiméad leis na leanaí. Seinn cúpla babhta é!
  2. 2.Pléigh an físeán leis na leanaí agus úsáid á baint agat as an treoir chomhrá chun cabhrú leat.
  3. 3.Iarr ar gach leanbh tráth na gceist Kahoot a fhreagairt!
  4. 4.Priontáil an Bhileog Ghníomhaíochta - gníomhaíocht oibre baile atá spraíúil agus taitneamhach.
Moltar go mór go ndéanfadh tuismitheoir nó múinteoir gach eipeasóid a chur ar fáil do leanaí chun an leas oideachasúil is fearr is féidir a bhaint as.

CÉIM 1

Conas a bheith Slán ar líne

TUILLEADH EIPEASÓIDÍ


CÉIM 2

Treoir Chomhrá

Ceisteanna agus freagraí úsáideacha a thabharfaidh treoir duit don chomhrá le leanaí.

Eolas de chuid

Cén cineál eolais é eolas pearsanta?
D’fhéadfadh sé gur eolas pearsanta ar bith fút féin a bheadh ann, mar shampla d’ainm, do phasfhocal, do dháta breithe, an áit a bhfuil tú, do sheoladh baile, do ghrianghraif, d’fhíseáin, d’eolas teagmhála/do sheoladh ríomhphoist. Is féidir le líon na gcoinnle a bhíonn ar do chíste breithlae i ngrianghraf, fiú, do dháta breithe a thabhairt le fios!
Cad is brí i ndáiríre le ‘bheith slán’ ar an idirlíon?

Is é is brí leis go bhfuil do chuid eolais phearsanta go léir atá stóráilte ar ghléasanna, in aipeanna agus i gcluichí slán sábháilte agus nach féidir le daoine eile ar líne é a thógáil.

Conas is féidir le daoine bob a bhualadh ort do chuid eolais phearsanta a thabhairt ar líne?

Cliceáil ar naisc nó ar thobfhuinneoga nó ar fhógraí, rudaí saor in aisce a thairiscint duit má roinneann tú eolas pearsanta, (ainm úsáideora agus pasfhocal). Uaireanta nuair a chliceálann tú nasc seans go mbeadh bogearraí mailíseacha (víreas) á n-íoslódáil agat gan a fhios agat go bhfuil sé ag tarlú, fiú.

Cén fáth a dteastaíonn do chuid eolais phearsanta ó dhaoine?

Is féidir le comhlachtaí ansin fógraí a dhíriú ort ansin, (airgead a dhéanamh). Is féidir leo do chuid eolais a roinnt nó a dhíol le comhlachtaí eile ar an gcúis chéanna (airgead a dhéanamh).

Cad iad na scileanna slándála a thabharfaidh cosaint duit ar líne?
  1. Pasfhocail fhada láidre a úsáid.
  2. Taighde a dhéanamh ar Aipeanna agus ar chluichí nua sula ndéanann tú iad a íoslódáil/a úsáid. Seiceáil na léirmheasanna agus na rátálacha.
  3. Úsáid https:// (le glas )
  4. Ná cliceáil ar thobfhuinneoga ná ar naisc a bhfuil cuma amhrasach orthu.
  5. Socruithe Príobháideachta a úsáid (agus smaoinigh sula ndéarfaidh tú rud éigin ar líne!)
  6. Slándáil idirlín a shuiteáil ar do ghléasanna (faigh cabhair ó thuismitheoir).
CÉIM 3

Déan Tráth na gCeist Kahoot! Chun do chuid eolais a thástáil.

CÉIM 4

Bileog Ghníomhaíochta d’Obair Bhaile

Is gníomhaíocht iontach d’obair bhaile é seo do leanaí chun a gcuid scileanna a thástáil uair amháin eile, agus an méid a d’fhoghlaim siad a threisiú.

ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid A4
ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid Litreach

Ar thaitin an eipeasóid faoi Slándáil leat?

Ba bhreá linn aiseolas a fháil uait! Is é an sprioc atá againn clár Cyber Academy a chur ar fáil d’oiread leanaí agus is féidir ar fud an domhain. Má thug tú an eipeasóid seo chun críche le leanaí sa bhaile nó ar scoil, tá tú ag cabhrú linn ár sprioc dhomhanda a bhaint amach!

  1. Home
  2. /
  3. Cyber Academy
  4. /
  5. Slándáil

An tSraith ar Shábháilteacht ar an Idirlíon do leanaí 7-10 mbliana d’aois

CUIR TÚS LE hEIPEASÓID 10 NÓIMÉAD INNIU
Tá sé SAOR IN AISCE agus ar fáil AR ÉILEAMH; tá sé ar fáil nuair atá tusa ar fáil chuige!

Is éard a bhíonn i ngach eipeasóid:

  • Físeán gairid beoite trí nóiméad
  • Treoir chomhrá a thacaíonn le múinteoirí/tuismitheoirí (Ceisteanna agus Freagraí do leanaí atá ann i ndáiríre)
  • Tráth na gCeist Kahoot! chun an fhoghlaim a threisiú
  • Bileog ghníomhaíochta atá spraíúil agus taitneamhach; gníomhaíocht oibre baile den scoth ionas go mbeidh an teaghlach ar fad rannpháirteach sa bhaile.
Moltar go mór go ndéanfadh tuismitheoir nó múinteoir gach eipeasóid a chur ar fáil do leanaí chun an leas oideachasúil is fearr is féidir a bhaint as.

Pasfhocail

Tuiscint ar an rud is pasfhocal ann, ar an bhfáth a bhfuil sé tábhachtach agus 3 scil phasfhocail a fhoghlaim chun tú féin a choinneáil slán sábháilte.

Fíordheimhniú déshraithe

Tuiscint ar Fhíordheimhniú Déshraithe (2FA) agus ar an gcaoi ar féidir leis do chuntais a chosaint ar líne.

Príobháideacht

Tuiscint ar an mbrí atá le príobháideacht ar líne i ndáiríre agus 4 scil príobháideachta a fhoghlaim chun tú féin agus do chuid eolais a chosaint ar líne.

Slándáil

Foghlaim cén fáth agus cén chaoi a gcoinnítear eolas slán ar líne; chomh maith le 6 bhealach chun dea-scileanna slándála a chleachtadh.

Nósanna Sláintiúla

Tuiscint ar an bhfáth a bhfuil sé tábhachtach nósanna sláintiúla a bheith agat agus tú ag úsáid an idirlín agus 7 nós shláintiúla a fhoghlaim.

Sábháilteacht ceamara

Tuiscint ar an eolas a bhailítear nuair a thógtar agus nauir a roinntear grianghraf agus 5 scil sábháltachta ceamara a fhoghlaim.

Am ar Líne

Tuiscint ar an mbrí atá le ham fiúntach a chaitheamh ar líne i ndáiríre agus 4 scil a fhoghlaim chun an leas is fearr is féidir a bhaint as do chuid ama ar líne.

Cineáltas

Tuiscint ar an mbrí atá le cineáltas i ndáiríre, ar an tábhacht a bhaineann leis agus scileanna tábhachtacha a fhoghlaim chun déileáil le míchineáltas ar líne.

Socruithe Sábháilteachta

Eolas a fháil ar shocruithe sábháilteachta, ar an tábhachtach a bhaineann leo agus 5 rud a fhoghlaim a bhaineann le socruithe sábháilteachta.