1. Home
  2. /
  3. Cyber Academy
  4. /
  5. Cóipcheart

Cóipcheart

Príomhchuspóirí Foghlama

  • Cur síos a dhéanamh ar cad is cóipcheart ann agus ar an bhfáth a bhfuil sé ann.
  • Cur síos a dhéanamh ar an toradh a d’fhéadfadh a bheith ann mura dtugtar aitheantas do dhaoine eile as a saothar.
  • Cineálacha ábhair atá faoi chosaint cóipchirt a thabhairt faoi deara.
  • Cur síos a dhéanamh ar conas ábhar atá saor ó chóipcheart a aimsiú agus a úsáid.

4 Chéim chun an eipeasóid a chríochnú

  1. 1.Féach ar an bhfíseán gairid 3 nóiméad leis na leanaí. Seinn cúpla babhta é!
  2. 2.Pléigh an físeán leis na leanaí agus úsáid á baint agat as an treoir chomhrá chun cabhrú leat.
  3. 3.Iarr ar gach leanbh tráth na gceist Kahoot a fhreagairt!
  4. 4.Priontáil an Bhileog Ghníomhaíochta - gníomhaíocht oibre baile atá spraíúil agus taitneamhach.
Moltar go mór go ndéanfadh tuismitheoir nó múinteoir gach eipeasóid a chur ar fáil do leanaí chun an leas oideachasúil is fearr is féidir a bhaint as.

CÉIM 1

Cad is cóipcheart ann?

TUILLEADH EIPEASÓIDÍ


CÉIM 2

Treoir Chomhrá

Ceisteanna agus freagraí úsáideacha a thabharfaidh treoir duit don chomhrá le leanaí.

Eolas de chuid

Blank

Your content goes here. Edit or remove this text inline or in the module Content settings. You can also style every aspect of this content in the module Design settings and even apply custom CSS to this text in the module Advanced settings.

Cad is cóipcheart ann?
  • Is dlí é cóipcheart a chuireann bac ort úsáid a bhaint as saothar daoine eile gan a gcead. I measc saothar daoine eile tá ceol, físeáin, íomhánna agus smaointe, fiú.
  • Chun saothar atá faoi chóipcheart a úsáid, ní mór duit:
    • Cead a fháil.
    • Ainm na n-ealaíontóirí a lua (aitheantas a thabhairt dóibh) nuair a úsáideann tú é agus roinneann tú é.
    • Táille a íoc (má lorgaíonn an t-ealaíontóir nó an cruthaitheoir é).
Conas a chosnaíonn sé ealaíontóirí agus cruthaitheoirí agus a chuidíonn sé leo?
  • Ní féidir le daoine eile a saothar a úsáid gan chead.
  • Tugtar aitheantas dóibh as a saothar.
  • Is féidir leo airgead a thuilleamh ach táille a ghearradh ar dhaoine eile as a saothar a úsáid. (Táille ríchíosa a thugtar ar an táille seo.)
Cad a d’fhéadfadh tarlú mura dtabharfá aitheantas do dhaoine agus tú ag úsáid a saothair?
  • Seans go mbainfeadh líonraí sóisialta agus ardáin chomhroinnte físeán do phostáil/d’fhíseán anuas nó go gcuirfidís bac ort ábhar a roinnt nó a uaslódáil.
  • Féadfaidh úinéir an ábhair tú a thabhairt chun cúirte agus airgead a éileamh ort.
  • D’fhéadfaí do chuntais ar an meáin shóisialta a bhaint go sealadach nó go buan.
Cad ba cheart duit a dhéanamh más mian leat ábhar a úsáid a d’fhéadfadh a bheith faoi chosaint cóipchirt?

Agus cabhair agat ó dhuine fásta:

  • Fiosraigh an bhfuil an t-ábhar is mian leat a úsáid faoi chosaint cóipchirt.
  • Faigh amach cé leis nó léi an cóipcheart (uaireanta ní hionann an t-úinéir agus an duine a chruthaigh é).
  • Faigh cead ón ealaíontóir/ó úinéir an chóipchirt.
  • Tabhair aitheantas ceart don duine (ainmnigh iad nuair a úsáideann tú agus roinneann tú é).
  • Íoc aon táillí a bhainfeadh leis.
DÚN GACH RUD
5. Seo roinnt samplaí de shaothar a chruthaigh daltaí. Féach ar gach ceann acu agus smaoinigh ar chóipcheart. An gá do na daltaí seo cead a fháil agus aitheantas a thabhairt d’aon duine? Cén fáth?

a.) Postálann dalta grianghraf ar Instagram de bhláthanna óna g(h)airdín féin, grianghraf a thóg sé/sí iad lena g(h)uthán féin.

Blank

Your content goes here. Edit or remove this text inline or in the module Content settings. You can also style every aspect of this content in the module Design settings and even apply custom CSS to this text in the module Advanced settings.

Freagra

Ní gá don dalta a bheith buartha faoi dhlí an chóipchirt toisc gur thóg an dalta féin an grianghraf seo.

b.) Postálann dalta físeán de rang teagaisc bácála ar YouTube agus amhrán atá i mbéal an phobail á sheinm sa chúlra.

Blank

Your content goes here. Edit or remove this text inline or in the module Content settings. You can also style every aspect of this content in the module Design settings and even apply custom CSS to this text in the module Advanced settings.

Freagra

Cé nach bhfuil an ceol ach sa chúlra, beidh ar an dalta cead a fháil agus aitheantas a thabhairt don ealaíontóir/d’úinéir cóipchirt an amhráin. Seans go mbeidh ar an dalta táille a íoc freisin.

Má úsáideann an dalta amhrán ó Leabharlann Fuaime You-Tube, áfach, in ionad an amhráin atá i mbéal an phobail, ní gá don dalta a bheith buartha faoi chóipcheart.

c.) Comhroinneann dalta físeán ar líonra sóisialta, úsáideann sé nó sí gluaiseachtaí damhsa duine eile agus úsáideann sé nó sí ceol ó leabharlann ceoil saor in aisce an líonra sóisialta.

Blank

Your content goes here. Edit or remove this text inline or in the module Content settings. You can also style every aspect of this content in the module Design settings and even apply custom CSS to this text in the module Advanced settings.

Freagra

Má tá na gluaiseachtaí damhsa faoi chóipcheart ag an té a chruthaigh iad, beidh ar an dalta cead an duine sin a fháil agus aitheantas a thabhairt dó nó di. Is féidir le dlí cóipchirt ceol, físeáin agus íomhánna a chosaint mar aon le saothar bunaidh eile dá leithéidí córagrafaíocht agus filíocht.

Tugann an líonra sóisialta aitheanas go huathoibríoch as an gceol a úsáidtear toisc go bhfuil sé ina leabharlann ceoil saor in aisce féin. Ní féidir an ceol sin a úsáid ACH AMHÁIN ar an líonra sóisialta sin.

Abair go bpostálann an dalta an físeán seo ar shuíomh eile meán sóisialta freisin? An athraíonn sé sin rud ar bith?

Athraíonn go deimhin. Seans nach gceadaítear an ceol sin a phostáil ar shuíomh eile meán sóisialta, agus go mbeadh na rialacha maidir le cead a fháil agus aitheantas a thabhairt d’úinéir an chóipchirt i gceist.

Blank

Your content goes here. Edit or remove this text inline or in the module Content settings. You can also style every aspect of this content in the module Design settings and even apply custom CSS to this text in the module Advanced settings.

6. Cá bhfaighidh tú ceol, físeáin agus íomhánna atá saor ó chóipcheart?
  • Seiceáil an gcuireann an aip nó an t-ardán atá tú a úsáid leabharlanna saor in aisce d’ábhar atá saor ó chóipcheart ar fáil duit le húsáid.
  • Cuardaigh suíomhanna idirlín a chuireann ‘copyright-free content’ ar fáil.
  • Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil cead agat rud éigin a úsáid, iarr cabhair ar dhuine fásta.

Nóta tábhachtach d’áisitheoirí: Má tá tú ag tacú le foghlaimeoir chun ábhar atá saor ó chóipcheart a chuardach, bí ag faire amach d’aon ráitis ina dtugtar treoir maidir le conas agus cathain is féidir an t-ábhar a úsáid. D’fhéadfadh sé a lua, mar shampla, gur féidir amhrán a úsáid saor ó chostas ach nach mór duit aitheantas a thabhairt don suíomh idirlín ar a bhfuair tú é. D’fhéadfadh sé, ar an gcaoi chéanna, gur féidir íomhá a úsáid agus le athrú saor ó chostas, ach d’úsáid neamhthráchtála amháin. (Rud a chiallaíonn nach féidir aon airgead a dhéanamh as é a úsáid).

7. Cad é an bealach is éasca chun saothar daoine eile a úsáid?
  • Úsáid ábhar atá saor ó chóipcheart is féidir leat a fháil ar:
    • Suíomhanna Idirlín
    • Aipeanna agus ardáin
  • Má úsáideann tú saothar daoine eile, fiú más ábhar é atá saor ó chóipcheart, tabhair aitheantas don ealaíontóir nuair a úsáideann tú nó nuair a roinneann tú a s(h)aothar. Is maith an nós é sin a bheith agat.

Eolas breise d’áisitheoirí:
Cad é an difríocht idir ábhar atá saor ó chóipcheart agus ábhar atá saor ó ríchíos?

  • Níl ábhar atá saor ó chóipcheart faoi chosaint cóipchirt.
  • Tá ábhar atá saor ó ríchíos faoi chosaint cóipchirt.
    • Ciallaíonn saor ó ríchíos go n-íocann tú táille aon-uaire chun go mbeadh cead agat ábhar áirithe atá faoi chosaint cóipchirt a úsáid, cuir i gcás amhrán nó íomhá.
    • Más mian leat ábhar ó shuíomh idirlín atá saor ó ríchíos a úsáid, ní mór duit treoracha an tsuímh sin a leanúint go beacht maidir lena bhfuil le déanamh agat agus an t-ábhar á úsáid agat. Mura leanann tú na treoracha i gceart, féadfaidh siad a iarraidh ort an t-ábhar a bhaint anuas mar gheall ar chóipcheart.

CÉIM 3

Déan Tráth na gCeist Kahoot! Chun do chuid eolais a thástáil.

CÉIM 4

Bileog Ghníomhaíochta d’Obair Bhaile

Is gníomhaíocht iontach d’obair bhaile é seo do leanaí chun a gcuid scileanna a thástáil uair amháin eile, agus an méid a d’fhoghlaim siad a threisiú.

ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid A4
ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid Litreach

Ar thaitin an eipeasóid faoi Chóipcheart leat?

Ba bhreá linn aiseolas a fháil uait! Is é an sprioc atá againn clár Cyber Academy a chur ar fáil d’oiread leanaí agus is féidir ar fud an domhain. Má thug tú an eipeasóid seo chun críche le leanaí sa bhaile nó ar scoil, tá tú ag cabhrú linn ár sprioc dhomhanda a bhaint amach!