1. Home
  2. /
  3. Cyber Academy
  4. /
  5. Pasfhocail

Pasfhocail

Príomhchuspóirí Foghlama

  • A thuiscint cad is pasfhocal ann agus cén fáth a bhfuil siad tábhachtach.
  • 3 scil a fhoghlaim chun do phasfhocail a choinneáil slán agus sábháilte.

4 Chéim chun an eipeasóid a chríochnú

  1. 1.Féach ar an bhfíseán gairid 3 nóiméad leis na leanaí. Seinn cúpla babhta é!
  2. 2.Pléigh an físeán leis na leanaí agus úsáid á baint agat as an treoir chomhrá chun cabhrú leat.
  3. 3.Iarr ar gach leanbh tráth na gceist Kahoot a fhreagairt!
  4. 4.Priontáil an Bhileog Ghníomhaíochta - gníomhaíocht oibre baile atá spraíúil agus taitneamhach.
Moltar go mór go ndéanfadh tuismitheoir nó múinteoir gach eipeasóid a chur ar fáil do leanaí chun an leas oideachasúil is fearr is féidir a bhaint as.

CÉIM 1

Conas pasfhocail láidre a chruthú

TUILLEADH EIPEASÓIDÍ


CÉIM 2

Treoir Chomhrá

Ceisteanna agus freagraí úsáideacha a thabharfaidh treoir duit don chomhrá le leanaí.

Eolas de chuid

Cad is pasfhocal ann?
Is é is pasfhocal nó focal faire ann ná focal nó frása rúnda a chuidíonn leat dul isteach in aip, i gcluiche, i suíomh gréasáin nó i ngléas.
Cén fáth a gcaithimid pasfhocail láidre a bheith againn?

Cuireann sé stop le daoine eile dul isteach i do chuntais ar líne ionas go mbeadh teacht ar do chuid eolais phearsanta agus rudaí eile atá agat ann.

An smaoineamh maith é do chuid eolais phearsanta a chur isteach i do phasfhocal? D’ainm agus d’aois, nó an phearsa spóirt is fearr leat, mar shampla.

Ní smaoineamh maith é ar chor ar bith, mar is furasta do dhaoine eile (do chairde, fiú) an t-eolas sin a thomhas.

Cén chuma a bhíonn ar phasfhocal láidir?
  • Is féidir focal, frása nó abairt a bheith ann.
  • Bíonn sé fada agus bíonn ceannlitreacha, litreacha beaga, uimhreacha, agus carachtair speisialta ann, mar shampla: !@#$% agus araile.
  • Is furasta duitse cuimhneamh orthu ach ní furasta do dhaoine eile iad a thomhas!
Samplaí de phasfhocal láidir
Pasfhocail Lag Pasfhocail Láidir
Momhadra IsmaithLeMoMhadra1Mhilseog#GachLá
Laura25 L@ura.$Hops247
Roblox pl@yRoblox41hour
thanks123 AbairGrmm@1gCónaí
disneyplus FéachARd1sney+Plu$
Cá háit ar féidir leat do phasfhocail a stóráil ar eagla go ndéanfaidh tú dearmad orthu?
  • Bíonn ‘líon isteach an pasfhocal go huathoibríoch’ ag go leor gléasanna – fiafraítear ar mhaith leat do phasfhocal a stóráil don chéad uair eile a chaithfidh tú logáil isteach.
  • Inis do chaomhnóir nó do thuismitheoir iad atá in ann iad a choinneáil sábháilte duit. (Tá sé seo úsáideach freisin ar eagla go ndéanann tú dearmad)
  • D’fhéadfá Bainisteoir Pasfhocal a úsáid; Bheadh duine fásta ag teastáil uait chun cabhrú leat é seo a shocrú. Tá sé seo úsáideach má tá go leor pasfhocal agat. Déanann Bainisteoir Pasfhocal do phasfhocail a stóráil agus a bhainistiú duit.
  • Scríobh síos iad agus cuir in áit shábháilte i do theach iad.
Cad a d’fhéadfadh tarlú má roinneann tú do phasfhocail le daoine eile, do chairde b’fhéidir?

D’fhéadfaidís ligean orthu gur tusa atá ann, do chuntas a úsáid, do phróifíl a athrú, do shocruithe príobháideachta a athrú, agus rudaí a roinnt/postáil nó trácht a dhéanamh ar líne. Bheadh an chuma air ansin gur tusa a rinne na rudaí sin.

Bheifeá féin an-trína chéile faoi, d’fhéadfadh sé goilliúint ar dhaoine eile, d’fhéadfadh sé a bheith contúirteach, agus d’fhéadfadh sé go mbeifeá i dtrioblóid mhór. B’fhéidir gur féidir le leanaí samplaí de seo a roinnt óna dtaithí féin.

Cad iad na trí scil a bhaineann le pasfhocal láidir?
  1. Úsáid pasfhocail dhifriúla ar gach aip agus cluiche a úsáideann tú.
  2. Ná roinn iad le daoine eile. (tá sé ceart go leor do phasfhocail a roinnt le tuismitheoirí/caomhnóirí).
  3. Athraigh go minic iad.

CÉIM 3

Déan Tráth na gCeist Kahoot! Chun do chuid eolais a thástáil.

CÉIM 4

Bileog Ghníomhaíochta d’Obair Bhaile

Is gníomhaíocht iontach d’obair bhaile é seo do leanaí chun a gcuid scileanna a thástáil uair amháin eile, agus an méid a d’fhoghlaim siad a threisiú.

ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid A4
ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid Litreach

Ar thaitin an eipeasóid faoi Phasfhocail leat?

Ba bhreá linn aiseolas a fháil uait! Is é an sprioc atá againn clár Cyber Academy a chur ar fáil d’oiread leanaí agus is féidir ar fud an domhain. Má thug tú an eipeasóid seo chun críche le leanaí sa bhaile nó ar scoil, tá tú ag cabhrú linn ár sprioc dhomhanda a bhaint amach!