1. Home
  2. /
  3. Cyber Academy
  4. /
  5. Fíordheimhniú Déshraithe

Fíordheimhniú Déshraithe

Príomhchuspóirí Foghlama

  • A thuiscint cad is Fíordheimhniú Déshraithe (2FA) ann.
  • Foghlaim conas a oibríonn sé agus cén fáth a bhfuil sé chomh húsáideach sin.

4 Chéim chun an eipeasóid a chríochnú

  1. 1.Féach ar an bhfíseán gairid 3 nóiméad leis na leanaí. Seinn cúpla babhta é!
  2. 2.Pléigh an físeán leis na leanaí agus úsáid á baint agat as an treoir chomhrá chun cabhrú leat.
  3. 3.Iarr ar gach leanbh tráth na gceist Kahoot a fhreagairt!
  4. 4.Priontáil an Bhileog Ghníomhaíochta - gníomhaíocht oibre baile atá spraíúil agus taitneamhach.
Moltar go mór go ndéanfadh tuismitheoir nó múinteoir gach eipeasóid a chur ar fáil do leanaí chun an leas oideachasúil is fearr is féidir a bhaint as.

CÉIM 1

Céard is Fíordheimhniú Déshraithe ann?

TUILLEADH EIPEASÓIDÍ


CÉIM 2

Treoir Chomhrá

Ceisteanna agus freagraí úsáideacha a thabharfaidh treoir duit don chomhrá le leanaí.

Eolas de chuid

Cén fáth ar chóir daoibh bhur gcuid eolais a choinneáil slán ar líne?
Chun stop a chur le duine éigin dul isteach i do chuntas agus rudaí a ghoid uait, mar shampla creidmheas cluichí, grianghraif, físeáin agus eolas eile fút.
An cuimhin libh a mbíonn i gceist le pasfhocail láidir?
Bíonn pasfhocal láidir fada agus bíonn meascán de litreacha, d’uimhreacha, agus de charachtair speisialta ann.
Iarr sampla orthu (níor cheart dóibh a bpasfhocail phearsanta féin a thabhairt mar shamplaí!).
Sampla: IsMaithLeMoMadra1Mhilseog#GachLá
Céard is brí le 2FA?

Ciallaíonn sé go mbíonn dhá rud de dhíth ort chun dul isteach i do chuntas ar líne. D’fhéadfadh gurbh é a bheadh ann pasfhocal AGUS cód speisialta. Tar éis duit 2FA a shocrú, cinnteoidh sé gur tusa i ndáiríre an duine a bheidh ag logáil isteach i do chuntas.

Dá bhrí sin, má tá do phasfhocal ar eolas ag duine, agus má dhéanann sé nó sí iarracht logáil isteach i do chuntas; ní féidir leo dul isteach i do chuntas gan an dara cód/cúinse speisialta.

Cá háit ar féidir leat 2FA a fháil in aip nó i gcluiche chun é a chasadh ar siúl?
Bíonn sé le fáil de ghnáth i socruithe sábháilteachta nó i socruithe slándála laistigh d’aip, de chluiche nó de ghléas. Socraigh le duine fásta é.
Céard is brí leis an bhfocal bithmhéadracht?
Is é is brí le bithmhéadracht cuid de do cholainn a úsáid chun logáil isteach ar aip. Is féidir bithmhéadracht a úsáid mar an dara cúinse. Seans gur aghaidh-aithint a bheadh ann. (Tar éis duit é a shocrú, déanann an gléas d’aghaidh a scanadh chun a chinntiú gur tusa atá ag logáil isteach). Iarr ar thuismitheoir/ar chaomhnóir bithmhéadracht a thaispeáint duit le gléas atá acu sa bhaile.
Cén dá chúinse nó shraith a d’fhéadfá a úsáid chun logáil isteach?

D’fhéadfadh sé gur pasfhocal a bheadh i gcúinse amháin, agus d’fhéadfadh sé gur cód deimhniúcháin a gheofá le téacs nó le ríomhphost a bheadh sa dara cúinse. Cineál eile cúinse a d’fhéadfaí a úsáid is ea bithmhéadracht. (aghaidh-aithint)

CÉIM 3

Déan Tráth na gCeist Kahoot! Chun do chuid eolais a thástáil.

CÉIM 4

Bileog Ghníomhaíochta d’Obair Bhaile

Is gníomhaíocht iontach d’obair bhaile é seo do leanaí chun a gcuid scileanna a thástáil uair amháin eile, agus an méid a d’fhoghlaim siad a threisiú.

ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid A4
ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid Litreach

Ar thaitin an eipeasóid faoi Fíordheimhniú déshraithe leat?

Ba bhreá linn aiseolas a fháil uait! Is é an sprioc atá againn clár Cyber Academy a chur ar fáil d’oiread leanaí agus is féidir ar fud an domhain. Má thug tú an eipeasóid seo chun críche le leanaí sa bhaile nó ar scoil, tá tú ag cabhrú linn ár sprioc dhomhanda a bhaint amach!