1. Home
  2. /
  3. Cyber Academy
  4. /
  5. Sábháilteacht ceamara

Sábháilteacht ceamara

Príomhchuspóirí Foghlama

  • A thuiscint cén t-eolas a bhailítear nuair a ghlactar grianghraf, agus a tharlaíonn nuair a roinntear é.
  • 5 scil a fhoghlaim chun cabhrú leat an ceamara a úsáid go sábháilte agus tú ag spraoi.

4 Chéim chun an eipeasóid a chríochnú

  1. 1.Féach ar an bhfíseán gairid 3 nóiméad leis na leanaí. Seinn cúpla babhta é!
  2. 2.Pléigh an físeán leis na leanaí agus úsáid á baint agat as an treoir chomhrá chun cabhrú leat.
  3. 3.Iarr ar gach leanbh tráth na gceist Kahoot a fhreagairt!
  4. 4.Priontáil an Bhileog Ghníomhaíochta - gníomhaíocht oibre baile atá spraíúil agus taitneamhach.
Moltar go mór go ndéanfadh tuismitheoir nó múinteoir gach eipeasóid a chur ar fáil do leanaí chun an leas oideachasúil is fearr is féidir a bhaint as.

CÉIM 1

Conas an ceamara a úsáid go sábháilte

TUILLEADH EIPEASÓIDÍ


CÉIM 2

Treoir Chomhrá

Ceisteanna agus freagraí úsáideacha a thabharfaidh treoir duit don chomhrá le leanaí.

Eolas de chuid

Cén cineál eolais is féidir a fháil ó ghrianghraf amháin?
Is féidir leat an áit ar ghlac tú an grianghraf agus na daoine atá ann a fheiceáil. Bíonn a fhios ag daoine ansin an chuma atá ort, an chuma atá ar do chairde agus ar do theaghlach, an áit a dtéann tú ar scoil nó an áit bhfuil tú i do chónaí, b’fhéidir.

Cuireann do ghléas níos mó eolais go huathoibríoch le gach grianghraf a ghlacann tú; mar shampla an t-am agus an áit inar thóg tú an grianghraf, agus fiú amháin an Wi-Fi a d’úsáid do ghléas.

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach smaoineamh sula roinneann sibh grianghraf ar líne?

Nuair a roinneann tú é, foghlaimíonn daoine go leor eolais fút. Ní bhíonn aon rud a roinneann tú príobháideach I NDÁIRÍRE fiú mura seolann tú ach chuig duine amháin é. Is féidir le daoine é a roinnt le daoine eile fós.

Cén fáth a n-úsáidimid socruithe príobháideachta agus sábháilteachta?

Ionas nach féidir ach le daoine a bhfuil aithne agat orthu agus a bhfuil muinín agat astu do chuid rudaí a fheiceáil. Is féidir leat ‘suíomh’ a mhúchadh sna socruithe freisin. Tugann na socruithe seo cosaint dúinn, rud a choinníonn sábháilte muid agus muid ag baint sult as an teicneolaíocht.

Ardaigh bhur lámha mura dtaitníonn sé libh nuair a ghlacann daoine grianghraif nó físeáin díobh.

An iarrann siad cead oraibh sula nglacann siad é nó sula roinneann siad le daoine eile é?

Tá sé an-tábhachtach seiceáil le duine fásta sa bhaile sula ligeann sibh do dhuine éigin grianghraf/físeán a ghlacadh díobh. Is é bhur gcuid eolais phríobháidigh agus phearsanta féin é.

Ar ghlac sibh grianghraf de dhuine eile riamh gan cead an duine sin a lorg?

Seans go gcaithfimis go léir smaoineamh air sin an chéad uair eile? Má tá meas againn ar phríobháideacht ár gcairde, foghlaimeoidh siad meas a bheith acu ar ár bpríobháideacht féin.

Abair dá gcaillfeadh sibh bhur ngléas inniu, an bhfuil cúltaca agaibh de na rudaí tábhachtacha ar fad ar an ngléas?

Is féidir leat grianghraif agus físeáin a choinneáil slán sábháilte ach cóipeanna breise a shábháil. Iarraigí ar dhuine fásta sa bhaile cabhrú libh “cúltaca” a dhéanamh de na cinn is fearr libh ionas go mbeidh siad agaibh i gcónaí cibé rud a tharlóidh. (Is féidir libh stóras ar líne nó tiomántán crua a úsáid chun cúltaca a dhéanamh díobh).

Cén uair a labhródh sibh le duine fásta faoi rud éigin ar líne?

Má ghlac sibh grianghraif iontacha nó má chruthaigh sibh físeán a bhfuil sibh bródúil astu. B’fhéidir go bhfaca sibh grianghraf nó físeán ar líne atá ag déanamh imní daoibh. Nó b’fhéidir go raibh sibh trína cheile mar gheall ar dhaoine eile ar líne. Cibé cúis a bhíonn leis, tá sé tábhachtach duine fásta a bheith agaibh i gcónaí a mbraitheann sibh gur féidir leat labhairt leis nó léi.

Conas is féidir libh spraoi a bheith agaibh AGUS a bheith sábháilte agus an ceamara á úsáid agaibh? Cé mhéad de na 5 mholadh faoi fhíseáin ar féidir leat cuimhneamh orthu?
  1. Smaoinigh sula roinneann sibh rud éigin ar líne.
  2. Úsáid socruithe príobháideachta agus sábháilteachta.
  3. Bíodh meas agaibh ar phríobháideacht daoine eile.
  4. Bí cúramach le do ghianghraif agus le do chuid físeán.
  5. Labhair le duine fásta.

CÉIM 3

Déan Tráth na gCeist Kahoot! Chun do chuid eolais a thástáil.

CÉIM 4

Bileog Ghníomhaíochta d’Obair Bhaile

Is gníomhaíocht iontach d’obair bhaile é seo do leanaí chun a gcuid scileanna a thástáil uair amháin eile, agus an méid a d’fhoghlaim siad a threisiú.

ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid A4
ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid Litreach

Ar thaitin an eipeasóid faoi Sábháilteacht Ceamara leat?

Ba bhreá linn aiseolas a fháil uait! Is é an sprioc atá againn clár Cyber Academy a chur ar fáil d’oiread leanaí agus is féidir ar fud an domhain. Má thug tú an eipeasóid seo chun críche le leanaí sa bhaile nó ar scoil, tá tú ag cabhrú linn ár sprioc dhomhanda a bhaint amach!