1. Home
  2. /
  3. Cyber Academy
  4. /
  5. Mífhaisnéis

Mífhaisnéis

Príomhchuspóirí Foghlama

  • Cur síos a dhéanamh ar an rud is mífhaisnéis ann, ar an bhfáth a bhfuil sé ann, agus ar an dochar a d’fhéadfadh sé a dhéanamh do dhaoine eile.
  • Samplaí de mhífhaisnéis a thabhairt faoi deara.
  • A dhéanamh amach an rud ba cheart a dhéanamh má thagann tú ar ábhar mífhaisnéise.

4 CHÉIM CHUN AN EIPEASÓID A CHRÍOCHNÚ

  1. 1. Féach ar an bhfíseán gairid 3 nóiméad leis na leanaí. Seinn cúpla babhta é!
  2. 2. Pléigh an físeán leis na leanaí agus úsáid á bhaint agat as an treoir chomhrá chun cabhrú leat.
  3. 3. Iarr ar gach leanbh tráth na gceist Kahoot! a dhéanamh.
  4. 4. Priontáil an Bhileog Ghníomhaíochta - gníomhaíocht spraíúil oibre baile do leanaí.
Moltar go mór go ndéanfadh tuismitheoir nó múinteoir gach eipeasóid a chur ar fáil do leanaí chun an leas oideachasúil is fearr is féidir a bhaint as.

CÉIM 1

Cad is mífhaisnéis ann?

TUILLEADH EIPEASÓIDÍ


CÉIM 2

Treoir Chomhrá

Ceisteanna agus freagraí úsáideacha a thabharfaidh treoir duit don chomhrá le leanaí.

Eolas de chuid

Blank

Your content goes here. Edit or remove this text inline or in the module Content settings. You can also style every aspect of this content in the module Design settings and even apply custom CSS to this text in the module Advanced settings.

Roinn roinnt samplaí de mhífhaisnéis a chonaic tú ar líne. Cén chaoi a raibh a fhios agat gur faisnéis bhréagach a bhí ann?
D’fhéadfadh gurbh é a bhí ann tuairimí, grianghraf, físeán, tobfhuinneoga ina raibh scéalta suimiúla le cliceáil orthu agus le léamh, scéalta aisteacha nuachta ó shuíomhanna idirlín neamhghnácha, cainéil nuachta nó cuntais meán sóisialta nár chuala tú trácht orthu riamh roimhe sin. B’fhéidir gur tháinig tú trasna ar rud éigin agus tú ag lorg eolais do d’obair bhaile, nó nuacht faoi dhuine mór le rá.

Bealaí le mífhaisnéis a thabhairt faoi deara:

  • Tá an chuma ar na grianghraif go ndearnadh eagarthóireacht orthu nó go bhfuil siad bréagach nó beagán aisteach.
  • Ní foinse (suíomh idirlín, cuntas, úsáideoir, srl.) é a bhfuil eolas agat uirthi nó a bhfuil muinín agat aisti agus níl foinsí iontaofa eile ag tuairisciú faoin rud céanna.
  • Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an craiceann is a luach á fháil agat.
  • Botúin litrithe.
Cén fáth, dar leat, a gcruthaíonn agus a roinneann daoine faisnéis, scéalta nuachta, grianghraif agus físeáin bhréagacha ar líne?
  • Chun airgead a dhéanamh, leantóirí a fháil nó tuairimí a fháil. Dá mhealltaí na ceannlínte ar fhógraí, naisc, nó grianghraif, is mó an seans go gcliceálfaidh daoine orthu. Dá mhealltaí na ceannlínte ar fhógraí, naisc, nó grianghraif, is mó an seans go gcliceálfaidh daoine orthu. Clicmhealladh a thugtar air seo.
  • Don chraic (d’fhéadfadh sé a bheith ina mhagadh, ina dhúshlán a mheas siad a bhí greannmhar nó ina chleas).
  • Chun do thuairimí a athrú nó dul i gcion ar an gcaoi a smaoiníonn tú faoi rud éigin.
Cén dochar a d’fhéadfadh mífhaisnéis a dhéanamh nuair a roinntear le daoine eile í? An féidir leat samplaí a thabhairt de mhífhaisnéis dhochrach a chonaic tú?
  • Seans go gceapfadh daoine a roinneann tú leo é go bhfuil sé fíor. Seans go gcreidfidís é agus go roinnfidís le níos mó daoine fós é.
  • Seans go gcothódh sé mothúcháin dhiúltacha dá leithéidí imní, fearg, frustrachas nó eagla sna daoine lena roinneann tú é.
  • Seans go gcuirfeadh mífhaisnéis a léamh isteach ar dhaoine agus go bhféafaidís féin nó daoine eile díobháil a dhéanamh nó caillteanas a fhulaingt. Mar shampla, d’fhéadfaidís páirt a ghlacadh i ndúshlán contúirteach nó guaiseach nó airgead a chaitheamh, rud nach ndéanfaidís murach é.
Cad iad na 5 scil atá de díth ort chun mífhaisnéis a thabhairt faoi deara agus déileáil léi?
  1. Tabhair aird ar an gcaoi a mothaíonn tú faoi; má bhíonn an chuma ar an scéal go bhfuil an craiceann is a luach á fháil agat, seans nach amhlaidh a atá.
  2. Cuir ceisteanna a chuideoidh leat rudaí a mheas.
  3. Déan taighde in éineacht le duine fásta chun é a fhiosrú níos mó.
  4. Ná roinn é, má aimsíonn tú rud éigin bréagach ar líne, déan taighde chun na fíricí a fháil amach.
  5. Déan tuairisciú faoi (le cabhair ó dhuine fásta).
Cad ba cheart duit a bheith ag faire amach dó i scéal má tá tú in amhras faoi?
  • Seiceáil go bhfuil an suíomh idirlín slán.
    (Bíonn glas nó liath atá ar shuíomh Gréasáin slán agus go dtosaíonn sé le HTTPS.)
  • Aimsigh suíomhanna idirlín iontaofa chun an nuacht, na léirmheasanna nó na nótaí tráchta céanna a chuardach iontu (le cabhair ó dhuine fásta).
  • Déan cuardach íomhá – cliceáil ar dheis ar íomhá, roghnaigh ‘cuardaigh íomhá…’
  • Aimsigh suíomhanna idirlín a sheiceálann fíricí féachaint an ndearnadh seiceáil cheana féin féachaint an bhfuil an nuacht fíor nó bréagach. Chun iad a aimsiú, cuardaigh ‘fact checking websites’ ar líne.

Eolas breise d’áisitheoirí:
Cad is suíomh idirlín seiceála fíricí ann?

Agus an oiread sin mífhaisnéise ar líne, tá go leor eagraíochtaí ar fud an domhain a sheiceálann scéalta nuachta gach uair an chloig gach lá. Is stáisiúin nuachta iontaofa náisiúnta iad go leor díobh a sheiceálann fíricí. Tuigeann siad an tábhacht a bhaineann leis na fíricí, agus iad sin amháin, a roinnt le saoránaigh agus dá bhrí sin oibríonn siad go dian gach lá chun miotais, bréaga agus cleasanna a bhréagnú. Níl le déanamh againn ach na suíomhanna idirlín seiceála fíricí sin a aimsiú ar líne.

DÚN GACH RUD
6. Cad a dhéanfá dá dtiocfá air seo ar líne?
Cé na ceisteanna a chuirfeá ort féin? An roinnfeá é?

Blank

Your content goes here. Edit or remove this text inline or in the module Content settings. You can also style every aspect of this content in the module Design settings and even apply custom CSS to this text in the module Advanced settings.

6. Freagra

Samplaí de cheisteanna a d’fhéadfá a chur:

  • ‘Cad a mhothaím faoi seo? An bhfuil cuma cheart air seo?’
  • ‘Cad as ar tháinig an cheannlíne seo? Cé a scríobh é seo?’
  • ‘An bhfuil an chuma ar an ngrianghraf seo go ndearnadh eagarthóireacht air?’
  • ‘Cad a dúirt daoine eile faoi seo?’ Má bhaineann drocheispéireas do dhuine mar gheall ar an suíomh idirlín ar ar cruthaíodh é, seans go ndéanfaidís nóta tráchta faoi, go ndéanfaidís léirmheas air, agus go n-inseoidís do dhaoine eile faoi.

Freagra:
An rud ba cheart duit a dhéanamh: Déan taighde air le duine fásta mura bhfuil tú cinnte. Más mífhaisnéis atá ann, ná roinn é.

Is mífhaisnéis é seo.
Ní fíor-ghrianghraf é seo de ghoraille atá ag cniotáil, ná ní fíorscéal nuachta é. Ba é a bhí sa ghrianghraf bunaidh goraille darbh ainm Mjukuu agus é ag scrúdú póstaeir i Zú Londain in 2009. Foilsíodh é in alt a d’fhoilsigh CNN in 2009 dar teideal “Girl gorillas go ape for French pinup hunk”. Is féidir leat cuardach tapa a dhéanamh ar shuíomh idirlín seiceála fíricí chun an fhírinne a aimsiú faoin bpostáil seo.

Foinsí:
Top Crochet Patterns. “Gorilla Discovered Knitting at National Zoo.” 1 April 2016.
Hunt, Nick. “Girl Gorillas Go Ape for French Pinup Hunk.” CNN. 28 August 2009.

7. An roinnfeá é seo le cairde agus le baill teaghlaigh? Cén fáth?

Blank

Your content goes here. Edit or remove this text inline or in the module Content settings. You can also style every aspect of this content in the module Design settings and even apply custom CSS to this text in the module Advanced settings.

7. Freagra

Samplaí de cheisteanna a d’fhéadfá a chur:

  • ‘Cad a mhothaím faoi seo? An bhfuil cuma cheart air seo?’
  • ‘Cad as ar tháinig an cheannlíne seo? Cé a scríobh é seo?’
  • ‘An bhfuil an chuma ar an ngrianghraf seo go ndearnadh eagarthóireacht air?’
  • ‘Cad a dúirt daoine eile faoi seo?’

Freagra:
An rud ba cheart duit a dhéanamh: Déan taighde air le duine fásta mura bhfuil tú cinnte. Más mífhaisnéis atá ann, ná roinn é.

Rud FÍOR ba ea é seo a thuairisc nuacht teilifíse KTVU Sacramento.
Caitheadh um 150,000 tráta amach ar an mótarbhealach nuair a bhí timpiste ag leoraí mór agus doirteadh na trátaí ar fud an bhaill. Níor gortaíodh aon duine, ach chuir sé isteach go mór ar an trácht agus ghlac sé roinnt uaireanta an chloig ar oibrithe an áit a ghlanadh.


Photo: KCRA Aug. 29, 2022

Photo: KCRA Aug. 29, 2022

Source:
“Sac-a-tomato! Truck carrying tomato load overturns on I-80”
KTVU FOX 2, By KTVU staff, Published August 29, 2022

8. Cad a dhéanfá dá roinnfeadh cara nó duine fásta mífhaisnéis leat?
  • Seans nach mbeidh daoine a bhfuil muinín againn iontu chomh cúramach leatsa agus iad ag roinnt rudaí ar líne. B’fhéidir gur mhaith leat a rá leo go bhfuil imní ort go bhféadfadh nach bhfuil an fhaisnéis fíor. Abair leo go bhféadfadh sibh taighde a dhéanamh air le chéile.
  • Má cheapann tú gur roinn siad mífhaisnéis, ná roinn le daoine eile é.

CÉIM 3

Déan Tráth na gCeist Kahoot! Chun do chuid eolais a thástáil.

CÉIM 4

Bileog Ghníomhaíochta d’Obair Bhaile

Is gníomhaíocht iontach d’obair bhaile é seo do leanaí chun a gcuid scileanna a thástáil uair amháin eile, agus an méid a d’fhoghlaim siad a threisiú.

ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid A4
ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid Litreach

Ar thaitin an eipeasóid faoi Mhífhaisnéis leat?

Ba bhreá linn aiseolas a fháil uait! Is é an sprioc atá againn clár Cyber Academy a chur ar fáil d’oiread leanaí agus is féidir ar fud an domhain. Má thug tú an eipeasóid seo chun críche le leanaí sa bhaile nó ar scoil, tá tú ag cabhrú linn ár sprioc dhomhanda a bhaint amach!