1. Home
  2. /
  3. Cyber Academy
  4. /
  5. Cineáltas

Cineáltas

Príomhchuspóirí Foghlama

  • An bhrí atá le cineáltas i ndáiríre a thuiscint agus an fáth a bhfuil sé tábhachtach.
  • Foghlaim conas déileáil le míchineáltas ar líne.

4 Chéim chun an eipeasóid a chríochnú

  1. 1.Féach ar an bhfíseán gairid 3 nóiméad leis na leanaí. Seinn cúpla babhta é!
  2. 2.Pléigh an físeán leis na leanaí agus úsáid á baint agat as an treoir chomhrá chun cabhrú leat.
  3. 3.Iarr ar gach leanbh tráth na gceist Kahoot a fhreagairt!
  4. 4.Priontáil an Bhileog Ghníomhaíochta - gníomhaíocht oibre baile atá spraíúil agus taitneamhach.
Moltar go mór go ndéanfadh tuismitheoir nó múinteoir gach eipeasóid a chur ar fáil do leanaí chun an leas oideachasúil is fearr is féidir a bhaint as.

CÉIM 1

An bhrí atá le cineáltas i ndáiríre

TUILLEADH EIPEASÓIDÍ


CÉIM 2

Treoir Chomhrá

Ceisteanna agus freagraí úsáideacha a thabharfaidh treoir duit don chomhrá le leanaí.

Eolas de chuid

Má bhí duine cineálta le duine eile, cad is brí leis sin? Cad is cineáltas ann?
Is féidir le cineáltas teacht ón gcroí, agus is gníomh tuisceanach é rud éigin deas a dhéanamh nó a rá. Is rogha é an cineáltas a dhéanaimid gan é a thuiscint go minic. Ní bhíonn an duine atá cineálta ag súil le cúiteamh ar bith; ní bhíonn moladh ná luach saothair ón duine. Cuimhneoidh an duine a fuair an cineáltas i gcónaí ar an gcaoi ar mhothaigh sé nó sí mar gheall ar do chineáltas.
Smaoinigh ar am a bhí tú cineálta le duine éigin.

Iarr ar na leanaí freagraí na gceisteanna seo a leanas a scríobh síos:

  • Cad a rinne an duine a bhí cineálta?
  • Conas a mhothaigh tú mar gheall ar chineáltas an duine?
  • An raibh a fhios ag an duine go raibh tú an-bhuíoch as an gcineáltas?
Smaoinigh ar am a bhí tú cineálta le duine éigin.
  • Cad a rinne nó a dúirt tú a bhí cineálta?
  • Conas a mhothaigh tú féin nuair a bhí tú cineálta le duine éigin eile?
An gcosnaíonn sé aon rud ort a bheith cineálta le daoine eile?

Ní chosnaíonn sé rud ar bith ort de ghnáth, mura gceannaíonn tú rud éigin.

An bhféadfaimis go léir níos mó rudaí cineálta a dhéanamh ar líne agus sa ghnáthshaol?

Cén chaoi? Cén chaoi a bhféadfaimis é sin a dhéanamh?

Mhínigh an físeán gur féidir gach rud a dhéanann tú ar líne a rianú. Céard is brí leis sin?
Fágann gach rud a deir tú, a dhéanann tú, a chruthaíonn tú, a roinneann tú, a dtugann tú like dó leis nó a gcuireann tú nóta tráchta leis, fágann siad ‘rian’.

Smaoinigh ar an rian seo mar a bheadh do lorg coise ar líne.

Fiú má scriosann tú rud éigin ar líne, beidh a rian ar líne i gcónaí.

Stóráiltear an ‘rian’ nó an ‘rianú’ sin ar fhreastalaithe na n-aipeanna agus na gcluichí a úsáideann tú.

Dá bhféadfadh do theaghlach gach rud a dhéanann tú ar líne a fheiceáil, cad a d’fheicfidís agus a déarfaidís fút?

Roinnt samplaí chun cabhrú leo smaoineamh air seo:

  • Má tá tú ag déanamh físeán, seans go ndéarfaidís go bhfuil tú an-chruthaitheach agus cumasach.
  • Má deir tú rudaí deasa le daoine eile ar líne, seans go ndéarfaidís gur duine cineálta tuisceanach thú.
  • Má bhuann tú comórtas, seans go bhfeicfeadh daoine go bhfuil tú go maith chun rud áirithe a dhéanamh, agus go ndéarfaidís gur duine iontach cumasach thú.
  • Feicfidh daoine do chaithimh aimsire agus do spéiseanna mar gheall ar na rudaí a dtugann tú like dóibh, a gcuireann tú nóta tráchta leo agus a roinneann tú.
Smaoinigh ar am a bhí duine MÍCHINEÁLTA leat.

Iarr ar na leanaí freagraí na gceisteanna seo a leanas a scríobh síos:

  • Cad a rinne an duine a bhí míchineálta?
  • Conas a mhothaigh tú mar gheall air sin?
  • An gceapann tú go raibh a fhios ag an duine go raibh siad míchineálta leat?
  • Cén fáth a raibh an duine míchineálta, dar leat?
  • Ar mhaith le duine éigin a gcuid freagraí a roinnt?
Cad is féidir leat a dhéanamh má tá duine éigin MÍCHINEÁLTA leat ar líne?
  • Ar an gcéad dul síos, fiafraigh díot féin ‘cén fáth a bhfuil an duine seo míchineálta?’. B’fhéidir go bhfuil éad air nó uirthi, go bhfuil sé nó sí trína chéile faoi rud éigin eile nó nár thuig sé nó sí go raibh siad ag goilliúint ar dhuine eile.
  • Déan neamhaird den duine. Sábháil do chuid fuinnimh agus ná freagair an duine. Seans go raibh drochlá ag an duine.
  • Tuairiscigh Blocáil an duine ar an aip ionas nach féidir leis nó léi é a dhéanamh arís; go háirithe más duine é nach bhfuil aithne agat air nó uirthi nó má chuireann sé nó sí isteach go mór ort.
  • Glac sos ó do ghléas. Téigh lasmuigh, éist le ceol nó déan spraoi le cairde eile chun cabhrú leat mothú níos fearr.
  • Labhair le duine fásta a bhfuil muinín agat as nó aistu. Éistfidh an duine sin agus seans go mbeidh sé no sí in ann cabhrú leat a dhéanamh amach cad ba cheart duit a dhéanamh ina dhiaidh sin.
Ar ghabh tú leithscéal riamh as rud éigin a rinne tú nó a dúirt tú ar líne nó sa ghnáthshaol? Conas a mhothaigh tú ina dhiaidh sin?

Bíonn misneach agus crógacht de dhíth ar chuine chun a rá go bhfuil brón air nó uirthi, ach sin é an rud ba cheart a dhéanamh. Is rud cineálta é, agus foghlaimeoidh do chairde uait freisin.

An raibh an duine sásta gur ghabh tú leithscéal? Seans go mbeadh an duine trína chéile ach bíonn siad sásta an leithscéal a fháil.

Cad is féidir leat a dhéanamh má fheiceann tú duine éigin atá MÍCHINEÁLTA le duine eile ar líne?
  • Ná tabhair ‘like’ dó ná ná roinn é.
  • Tabhair tacaíocht don duine má bhraitheann tú compordach é sin a dhéanamh.
  • Nó taispeáin don duine ar bhealach eile gur mór agat é nó í.
  • Agus labhair faoi le duine fásta a bhfuil muinín agat as nó aisti; is rud an-tábhachtach é sin.
An bhfuil duine fásta agat a mbraitheann tú gur féidir leat muinín a bheith agat as nó aisti agus labhairt leis nó léi má bhíonn imní ort nó má bhíonn tú trína chéile faoi rud éigin ar líne?

Seans gur aintín, uncail, múinteoir, nó tuismitheoir a bheadh ann. Tá sé seo an-tábhachtach.

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach labhairt le duine fásta ar dtús sula ndéanann sibh aip nó cluiche nua a íoslódáil nó a úsáid?

Is féidir an cheist seo a chur leis an míniú thíos ag brath ar fhiosracht, ar leibhéal tuisceana agus ar aois na leanaí.

Ní mór do dhuine fásta ‘glacadh‘ le ‘téarmaí agus coinníollacha‘ an aip sular féidir leat tosú ag úsáid an aip. Is iad na téarmaí agus na coinníollacha seo na ‘rialacha‘ a chuireann ar chumas an aip gach rud a dhéanann tú a rianú. Sin é an fáth a bhfuil sé tábhachtach labhairt le duine fásta sula n-íoslódálann tú aon aip.

Labhair le duine fásta faoi i gcónaí mar seans go mbeartódh sibh le chéile gan an aip a úsáid. Má bheartaíonn tú (le duine fásta) an aip a úsáid, cuimhnigh i gcónaí sula ndéanann tú aon rud ar líne.

CÉIM 3

Déan Tráth na gCeist Kahoot! Chun do chuid eolais a thástáil.

CÉIM 4

Bileog Ghníomhaíochta d’Obair Bhaile

Is gníomhaíocht iontach d’obair bhaile é seo do leanaí chun a gcuid scileanna a thástáil uair amháin eile, agus an méid a d’fhoghlaim siad a threisiú.

ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid A4
ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid Litreach

Ar thaitin an eipeasóid faoi Chineáltas leat?

Ba bhreá linn aiseolas a fháil uait! Is é an sprioc atá againn clár Cyber Academy a chur ar fáil d’oiread leanaí agus is féidir ar fud an domhain. Má thug tú an eipeasóid seo chun críche le leanaí sa bhaile nó ar scoil, tá tú ag cabhrú linn ár sprioc dhomhanda a bhaint amach!