1. Home
  2. /
  3. Cyber Academy
  4. /
  5. Socruithe Sábháilteachta

Socruithe Sábháilteachta

 

Príomhchuspóirí Foghlama

  • An chúis atá le socruithe sábháilteachta a thuiscint.
  • 5 ghné a fhoghlaim de shocruithe sábháilteachta atá tábhachtach a shocrú agus cén fáth.

4 Chéim chun an eipeasóid a chríochnú

  1. 1.Féach ar an bhfíseán gairid 3 nóiméad leis na leanaí. Seinn cúpla babhta é!
  2. 2.Pléigh an físeán leis na leanaí agus úsáid á baint agat as an treoir chomhrá chun cabhrú leat.
  3. 3.Iarr ar gach leanbh tráth na gceist Kahoot a fhreagairt!
  4. 4.Priontáil an Bhileog Ghníomhaíochta - gníomhaíocht oibre baile atá spraíúil agus taitneamhach.
Moltar go mór go ndéanfadh tuismitheoir nó múinteoir gach eipeasóid a chur ar fáil do leanaí chun an leas oideachasúil is fearr is féidir a bhaint as.

CÉIM 1

Conas Socruithe Sábháilteachta a úsáid

TUILLEADH EIPEASÓIDÍ


CÉIM 2

Treoir Chomhrá

Ceisteanna agus freagraí úsáideacha a thabharfaidh treoir duit don chomhrá le leanaí.

Eolas de chuid

Cá háit a mbeadh ‘socruithe’ le fáil in aip nó i ngléas?
Níl le déanamh ach breathnú ar an íomhá coga/rotha , 3 líne , nó b’fhéidir 3 phonc .

Seans go mbeadh príobháideacht, sábháilteacht, socruithe slándála nó socruithe teaghlaigh air. Nuair a úsáideann tú aip nó gléas nua den chéad uair, tá sé tábhachtach é a shocrú le duine fásta.

Is féidir le haipeanna agus le gléasanna an áit a bhfuil tú a aimsiú. Cad is féidir leat a dhéanamh chun é sin a stopadh?

Cas ‘Seirbhísí Suímh’ as. Is féidir é sin a aimsiú faoi shocruithe.

Cad iad na haipeanna a chaitheann an 'suíomh' a úsáid ar do ghléas?

Is beag aip a chaitheann an ‘suíomh’ a úsáid, ach tá roinnt aipeanna ann nach féidir a úsáid gan ‘seirbhísí suímh’ a chasadh ar siúl. Is sampla maith de seo iad léarscáileanna. Is dhá shampla eile iad feidhmchláir aclaíochta agus aimsire. Iarrann líonraí sóisialta do shuíomh, ach is féidir leis an aip oibriú go breá gan suíomh.

Cad iad na haipeanna a chaitheann an micreafón agus an ceamara a úsáid ar do ghléas?

Úsáideann líonraí sóisialta agus aipeanna físchomhrá an micreafón agus an ceamara ar do ghléas ionas gur féidir leat labhairt le do chairde ar líne, iad a chloisteáil agus a fheiceáil. Úsáideann consóil chluichíochta an micreafón ar do ghléas ionas gur féidir leat labhairt agus imirt le daoine eile ar líne ag an am céanna.

Ní bhíonn an micreafón ná an ceamara ag teastáil ó go leor aipeanna áfach. An chéad uair eile, mar sin, a iarrann aip cead ort an micreafón nó an ceamara a úsáid, smaoinigh go cúramach agus cuir ceist ar dhuine fásta mura bhfuil tú cinnte.

Cad a dhéanann Fíordheimhniú Déshraithe (2FA)?
Cinntíonn sé gur tusa i ndáiríre atá ag logáil isteach ar do chuntas. Má shocraíonn tú 2FA, iarrfaidh sé dhá chód ort: do phasfhocal AGUS cód speisialta de ghnáth – seoltar é seo chugat le téacs nó ríomhphost de ghnáth. Ciallaíonn sé seo go bhfuil sláine bhreise ag do chuntas.

Breathnaigh ar an gclár faoi 2FA.

Insíonn daoine áirithe bréaga faoi cé hiad féin i ndáiríre agus iad ar líne. Cad is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ó na daoine seo?

Socraigh do chuntas go ‘príobháideach’ i socruithe na n-aipeanna. Cinntíonn sé seo nach féidir ach leis na daoine a bhfuil aithne agat orthu AGUS a bhfuil muinín agat astu san fhíorshaol teagmháil a dhéanamh leat nó do chuid rudaí a fheiceáil.

Is féidir le daoine nóta tráchta a chur le rudaí a roinneann tú ar líne. Conas is féidir leat tú féin a chosaint ó nótaí tráchta agus a bhraith go bhfuil níos mó smachta agat?

Is féidir leat, le cabhair ó dhuine fásta, a shocrú cé atá in ann nóta tráchta a dhéanamh ar do chuid rudaí. D’fhéadfá a shocrú, fiú, nach féidir le duine ar bith nóta tráchta a dhéanamh. Cuimhnigh go bhfuil socruithe sábháilteachta ann chun tú a chosaint agus a choinneáil sábháilte. Tá sé tábhachtach go gcuidíonn duine fásta leat iad a shocrú. Thar aon rud eile, cuimhnigh gur chóir duit smaoineamh i gcónaí sula roinneann tú rud ar bith ar líne.

Cad iad na 5 rud is féidir leat a dhéanamh le socruithe sábháilteachta chun cabhrú leat a bheith sábháilte ar líne?
  • Smaoinigh go cúramach sula dtugann tú cead d’aip do mhicreafón, do cheamara, do shuíomh nó do theagmhálaithe a úsáid.
  • Múch ‘Seirbhísí Suímh’, ní gá do gach aip do shuíomh a aimsiú.
  • Úsáid socruithe príobháideachta I GCÓNAÍ.
  • Cuir 2FA ar siúl i ngach aip (aipeanna cluichíochta go háirithe!)
  • Bí i gCeannas – Socraigh na socruithe sábháilteachta i ngach aip agus gléas le duine fásta.

CÉIM 3

Déan Tráth na gCeist Kahoot! Chun do chuid eolais a thástáil.

CÉIM 4

Bileog Ghníomhaíochta d’Obair Bhaile

Is gníomhaíocht iontach d’obair bhaile é seo do leanaí chun a gcuid scileanna a thástáil uair amháin eile, agus an méid a d’fhoghlaim siad a threisiú.

ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid A4
ÍOSLÓDÁIL PDF – Méid Litreach

Ar thaitin an eipeasóid faoi Shocruithe Sábháilteachta leat?

Ba bhreá linn aiseolas a fháil uait! Is é an sprioc atá againn clár Cyber Academy a chur ar fáil d’oiread leanaí agus is féidir ar fud an domhain. Má thug tú an eipeasóid seo chun críche le leanaí sa bhaile nó ar scoil, tá tú ag cabhrú linn ár sprioc dhomhanda a bhaint amach!